Campa Amharclannaíochta & Scannánaíochta do Dhéagóirí

Máirt 06 - Satharn 10 Lúnasa 2024

Beidh an campa Samhraidh CLAOCHLÚ ar bun i Stiúideo Cuan, sa Spidéal ón Mháirt 06 - Satharn 10 Lúnasa ó 1000 go 1800 gach lá.

Tá CLAOCHLÚ dírithe ar dhéagóirí (13-17) a bhfuil suim acu i gceird na hamharclannaíochta & na scannánaíochta.

Sprioc an chúrsa seo ná grúpa daoine óga a thabhairt le chéile agus clár imeachtaí a eagrú dóibh i réimse na hamharclannaíochta agus na scannánaíochta chun a gcruthaitheacht agus a bhféin-mhuinín a spreagadh. Beidh béim ar leith ar fhorbairt phearsanta an duine agus clár cuimsitheach imeachtaí sóisialta lárnach tríd.

Beidh ceardlanna praiticiúla i gcúrsaí ceamaradóireachta, eagarthóireacht, aisteoireacht, scríbhneoireacht agus stiúradh agus beidh na daoine óga ag déanamh scannánú ar ghearrscannáin agus páirteach i ndrámaí a chruthós an grúpa iad féin i rith an chúrsa.

Beidh cúigear áisitheoirí gairmiúla i mbun an chúrsa, a bhfuil taithí na mblianta acu ag obair i réimse na hamharclannaíochta agus na scannánaíochta agus ag spreagadh daoine óga: 

Paul D'Eath, Mali Uí Chlochartaigh, Simon Ó Baoighill, Caitríona Ní Dhomhnaill & Darach Mac Con Iomaire.

  • Níl aon chostas ar an gcúrsa ACH tá sé tábhachtach go mbeadh rannpháirtithe i láthair ag na seisiúin ar fad, gach lá.

  • Beidh an cúrsa ar bun gach lá ó 1000 - 1800 i Stiúideo Cuan sa Spidéal, H91FT67.

  • Beidh ceardlanna scannánaíochta agus obair ghrúpa ar bun gach lá agus clár imeachtaí sóisialta ina dhiadh sin.

  • Úsáid foirm amháin do gach déagóir. (má tá níos mó ná déagóir amháin sa teaghlach ag iarraidh a bheith páirteach)

  • Sa chás is go bhfuil níos mó éilimh ar an gcúrsa ná mar atá spásanna, roghnófar na hiarrathóirí rathúla go randamach.

  • Is í an Ghaeilge teanga oibre an chúrsa agus ní mór d’iarrathóirí Gaeilge a bheith ar a dtoil acu le bheith páirteach.

  • Foilsiú an tSaothair
    Foilsíonn Stiúideo Cuan saothar ó gach rannpháirtí nó grúpa rannpháirtithe lena gcruthaitheacht agus a ngaisce a cheiliúradh.
    Is leis na húdair cóipcheart a saothar ón chúrsa Claochlú agus cead tugtha do Stiúideo Cuan an obair chruthaíoch a úsáid in aon cheann dá gcuid foilseachán, in ábhar bolscolaireachta agus láithreáin gréasáin.

  • Grianghraif/Scannánaíocht.

    Tógann muid pictiúir do na rannpháirtithe i mbun oibre le cur ar ár láithreán gréasáin, na meáin shóisialta agus ábhar eile bolscaireachta faoinár gcuid oibre. Cuirfear gach rannpháirtí san áireamh. Tabhair faoi deara gur riachtanas é seo le bheith páirteach agus nach bhfuil sé roghnach.

    Cláraigh Thíos!

Cláraigh Anseo