
Campa Amharclannaíochta & Scannánaíochta do Dhéagóirí
Máirt 29 Deireadh Fómhair - Satharn 02 Samhain 2024
Beidh an campa Samhna CLAOCHLÚ ar bun i Stiúideo Cuan, sa Spidéal ón Mháirt 29 Deireadh Fómhair - Satharn 02 Samhain ó 1000 go 1800 gach lá.
Tá CLAOCHLÚ dírithe ar dhéagóirí (13-17) a bhfuil suim acu i gceird na hamharclannaíochta & na scannánaíochta.
Sprioc an chúrsa seo ná grúpa daoine óga a thabhairt le chéile agus clár imeachtaí a eagrú dóibh i réimse na hamharclannaíochta agus na scannánaíochta chun a gcruthaitheacht agus a bhféin-mhuinín a spreagadh. Beidh béim ar leith ar fhorbairt phearsanta an duine agus clár cuimsitheach imeachtaí sóisialta lárnach tríd.
Beidh ceardlanna praiticiúla i gcúrsaí ceamaradóireachta, eagarthóireacht, aisteoireacht, scríbhneoireacht agus stiúradh agus beidh na daoine óga ag déanamh scannánú ar ghearrscannáin agus páirteach i ndrámaí a chruthós an grúpa iad féin i rith an chúrsa.
Beidh cúigear áisitheoirí gairmiúla i mbun an chúrsa, a bhfuil taithí na mblianta acu ag obair i réimse na hamharclannaíochta agus na scannánaíochta agus ag spreagadh daoine óga:
Paul D'Eath, Mali Uí Chlochartaigh, Simon Ó Baoighill,
Caitríona Ní Dhomhnaill & Darach Mac Con Iomaire.
Níl aon chostas ar an gcúrsa ACH tá sé tábhachtach go mbeadh rannpháirtithe i láthair ag na seisiúin ar fad, gach lá.
Beidh an cúrsa ar bun gach lá ó 1000 - 1800 i Stiúideo Cuan sa Spidéal, H91FT67.
Beidh ceardlanna scannánaíochta agus obair ghrúpa ar bun gach lá agus clár imeachtaí sóisialta ina dhiadh sin.
Úsáid foirm amháin do gach déagóir. (má tá níos mó ná déagóir amháin sa teaghlach ag iarraidh a bheith páirteach)
Sa chás is go bhfuil níos mó éilimh ar an gcúrsa ná mar atá spásanna, roghnófar na hiarrathóirí rathúla go randamach.
Is í an Ghaeilge teanga oibre an chúrsa agus ní mór d’iarrathóirí Gaeilge a bheith ar a dtoil acu le bheith páirteach.
Foilsiú an tSaothair
Foilsíonn Stiúideo Cuan saothar ó gach rannpháirtí nó grúpa rannpháirtithe lena gcruthaitheacht agus a ngaisce a cheiliúradh.
Is leis na húdair cóipcheart a saothar ón chúrsa Claochlú agus cead tugtha do Stiúideo Cuan an obair chruthaíoch a úsáid in aon cheann dá gcuid foilseachán, in ábhar bolscolaireachta agus láithreáin gréasáin.Grianghraif/Scannánaíocht.
Tógann muid pictiúir do na rannpháirtithe i mbun oibre le cur ar ár láithreán gréasáin, na meáin shóisialta agus ábhar eile bolscaireachta faoinár gcuid oibre. Cuirfear gach rannpháirtí san áireamh. Tabhair faoi deara gur riachtanas é seo le bheith páirteach agus nach bhfuil sé roghnach.
Cláraigh Thíos!
