FOLÚNTAS: Stiúrthóir Sraithe - Molscéal

Tá folúntas lánaimseartha ag Stiúideo Cuan agus duine fuinniúil, díograiseach á lorg againn don ról Stiúrthóir Sraithe - Molscéal.

Is sraith scéalta físe, pobalbhunaithe é MOLSCÉAL, cruthaithe ag painéal de scéalaithe físe do TG4. Tá ábhar siamsaíochta, nuachta, cartlainne agus spóirt ar fáil ar MOLSCÉAL.

Tá conradh ag Stiúideo Cuan le TG4 chun ábhar a chur ar fáil don ardán MOLSCÉAL ó cheantar Chonamara, Maigh Eo, Ráth Chairn agus Baile Átha Cliath.

Tá Stiúideo Cuan ag earcú Stiúrthóir Sraithe Molscéal faoi láthair chun na bearta seo. Fostaíocht lánaimseartha ar feadh tréimhse 20 mí atá i gceist.

Oibreoidh an Stiúrthóir Sraithe Molscéal i gcomhar le bord stiúrthóirí, bainistíocht ghinearálta agus oifigigh an chomhlachta chun 90 pacáiste Molscéal a sholáthar thar cheann Stiúideo Cuan do TG4 sa mbliain ó na ceantair thuasluaite.

Téarmaí
Is post lánaimseartha 40 uair sa tseachtain é seo. Beidh obair san oíche, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí i gceist ó am go ham. Beidh an té a cheapfar lonnaithe i Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co na Gaillimhe agus ar láithreacha seachtracha léirithe nuair is gá. Cuirfidh an comhlacht gach trealamh teicniúil ar fáil. Tá deiseanna cianoibre leis an ról seo a bheadh len aontú leis an gcomhlacht roimh réidh. Beidh Stiúrthóir Sraithe Molscéal ag tuairisciú do Stiúrthóir Cruthaitheach Stiúideo Cuan. Is €39,000 - €41,000 tuarastal an phoist.

Dualgais

  • 90 pacáiste Molscéal a sholáthar thar cheann Stiúideo Cuan do TG4 sa mbliain ó cheantar Chonamara, Maigh Eo, Ráth Chairn agus Baile Átha Cliath.
  • Beidh 58 pacáiste le soláthar ag an Stiúrthóir Sraithe & beidh 32 pacáiste á soláthar ag Iriseoirí neamhspleách.
  • Comhordú a dhéanamh ar na hIriseoirí neamhspleách chun a gcuid pacáistí siúd a sholáthar go sásúil.
  • Comhordú a dhéanamh le comhlachtaí seachtaracha chun fotheidil a chur ar fáil do na pacáistí.
  • Seachadadh rialta a dhéanamh, chun sástachta Stiúideo Cuan agus TG4 ar na pacáistí cuí agus an páipéarachas ar fad a bhaineann leo – foirmeacha cheada, sonraí cearta ceoil & cartlainne etc.
  • Cur leis an bpainéal Iriseoirí neamhspléacha.
  • Freastal ar chúrsaí oiliúna a bheas á reachtáil ag TG4 go míosúil.
  • Beidh an Stiúrthóir Sraithe Molscéal freagrach do Stiúrthóir Cruthaitheach Stiúideo Cuan.

Fáilteofar roimh iarratais ó iarrthóirí cáilithe. Cé gur buntáiste é taithí ceamara & eagarthóireachta, cuirfear oiliúint físe, fuaime agus eagarthóireachta ar fáil. An ghné is tábhachtaí don phost seo ná tuiscint ar chúrsaí pobail agus scileanna chumarsáide chun scéalta áitiúla a aimsiú a thiocfas le éiteas na sraithe MOLSCÉAL. D’fhéadfaí gearrliostáil agus measúnuithe praiticiúla a úsáid sa bpróiseas roghnúcháin. Déanfar tástáil ar thaithí na n-iarrthóirí de réir phríomhinniúlachtaí an róil ag céim an agallaimh.

Critéir Riachtanacha

  • Gaeilge líofa, idir labhairt agus scríobh.
  • Ceadúnas Iomlán Tiomána & Carr.

Taithí Inmhianaithe

  • Taithí ar an bpróiseas taifeadta, léirithe agus iarléirithe fuaime agus físe.
  • Taithí ar bhainistiú buiséid / tuairisciú airgeadais.

Príomhinniúlachtaí

  • Cumas caidrimh phearsanta a fhorbairt leis an bpobal.
  • Cumas bainistíochta cláir/tograí i réimse na n-ealaíon/na meán.
  • Cumas maoirsithe/cinnireachta foirne.
  • Cumas in ábhar físe/fuaime a chruthú do na meáin shóisialta.

Ní mór d’iarratasóirí CV agus litir chlúdaigh a sheoladh chuig oifig@studiocuan.ie roimh 5pm Dé Luain 9 Eanáir. Is í an Ghaeilge teanga oibre Stiúideo Cuan.


Stiúideo Cuan

Is ionad nua ealaíne, cultúir agus ceoil é Stiúideo Cuan atá lonnaithe ar an Spidéal i gCo na Gaillimhe. Is é sprioc na cultúrlainne áiseanna ealaíne den scoth a chur ar fáil agus dlús a chur le himeachtaí ceoil agus cultúrtha sa gceantar agus cur le bonneagar na n-ealaíon i gConamara agus san iarthar trí chéile.

Cé Muid?

Comhlacht Léirithe
Léiríonn Stiúideo Cuan saothair ealaíne ar ardchaighdeán don stáitse, don raidió agus don scáileán.

Ionad Ealaíne agus Comhdhála
Áis ilealaíne agus ionad ceoil den scoth é Stiúideo Cuan atá feiliúnach d’imeachtaí cultúrtha, comhdhálacha agus ócáidí den uile chineál.

Stiúideo Taifeadta agus Iarléirithe
Cuireann Stiúideo Cuan seirbhísí taifeadta agus iarléirithe físe agus fuaime ar fáil don earnáil cheoil agus chlosamhairc.