
Ár Scéal
Seo é ár sceal
Dignissimos ducimus qui blanditiis praesentium voluptatum deleniti atque corrupti quos dolores et quas molestias excepturi sint occaecati cupiditate non provident.
Stiúrthóir Cruthaitheach
Rugadh agus tógadh Darach i mBaile Átha Cliath. Thosaigh sé ag plé le drámaí nuair a tháinig sé go Gaillimh i 1996 agus tá sé gafa leis an scríobh agus an stiúrthóireacht stáitse, scáileán & raidió ó shin.
I measc na dtograí ealaíne atá léirithe aige do Stiúideo Cuan, tá an tsraith raidió Cuan an Cheoil le Liam Ó Maonlaí, na coimisiúin nua ceoil An Cosán Draíochta le Johnny Óg Connolly agus Cosán na Naomh le Máire Breatnach. Tá sé ag forbairt mór-shraith nua drámaíochta do RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi láthair – Jó Johnny Joe a bheas á chraoladh i bhFómhar 2023.
Stiúraigh agus léirigh sé an mórléiriú idirnáisiúnta Óró... do Stiúideo Cuan, i gcomhar le Ealaín na Gaeltachta agus Gaillimh 2020.
I measc na ndrámaí atá scríofa, stiúrtha agus léirithe aige d’Amharclann na Mainistreach, tá; BAOITE (2018) agus End Meeting (2020).
Stiúraigh agus léirigh Darach an seó ilmheáin ealaíne Aisling? d’Ealaín na Gaeltachta i 2016 a bhí mar bhuaic ar an gclár An Teanga Bheo de chuid Comóradh Céid an Stáit ar Éirí Amach 1916.
Bronnadh gradaim IFTA ar an an tsraith dhrámaíochta teilifíse a scríobh sé do TG4, Corp + Anam maraon le príomh ghradam ‘Spiorad na Féile’ agus an gradam ‘Dráma is Fearr’ ag Féile na Meán Ceilteach 2012. Bronnadh gradam 'Sraith Teilifíse na Bliana’ ar Corp + Anam ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i 2012 agus arís i 2015.
Chaith Darach sé bliana mar Stiúrthóir Ealaíne le Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Náisúnta na Gaeilge, tráth ar stiúraigh sé ós cionn 40 léiriú gairmiúil, drámaí nuascríofa den chuid is mó.
Ainmníodh dhá dhráma a léirigh sé, Cré na Cille & An Béal Bocht, do na gradaim Irish Times Theatre Awards i 2002 & 2004. Bronnadh Gradam BBC/Stewart Parker air i 2005 agus bhron an Screen Directors’ Guild of Ireland Gradam Fhoras na Gaeilge air i 2015. Bronnadh Bonn Óir Ghradaim Náisiúnta IMRO 2020 ar dhráma raidió dá chuid - Leaba an Bháis, a scríobh agus a stiúraigh sé do RTÉ Raidió 1. Fuair Leaba an Bháis ainmniúchán sa rannóg idirnáisiúnta sna BBC Drama awards 2020.
Éilís Lennon
Stiúrthóir Feidhmeach
Tá taithí na mblianta ag Éilís a bheith ag léiriú tograí uaillmhianacha ealaíne go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus í ag feidhmiú sa ról seo ó 1998. Leirigh sí an mór-thogra drámaíochta agus ceoil Seeking Sanctuary leis an Boston Centre for the Arts, An Massachussettes Cultural Council, Oifig Mhéara Bhoston, Údarás na Gaeltachta agus Éire Ildána. Léiríodh an mór-dhráma idirnáisiúnta seo le Charlie Lennon & Darach Mac Con Iomaire sa Cyclorama Theatre i mBoston i mí Feabhra 2018.
B’í Éilís a bhí mar Léiritheoir Fheidhmiúcháin ar an dráma BAOITE a léiríodh i dtosach mar chuid d’Fhéile Ealaíne na Gaillimhe 2018 agus ina dhiadh sin sa Phéacóg in Amharclann na Mainistreach i mí Bealtaine 2019. Bhí sí mar Léiritheoir Fheidhmiúcháin ar Óró... freisin, a léirigh Stiúideo Cuan i gcomhar le Gaillimh 2020, Ealaín na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge mar chuid lárnach de chlár Gaillimh 2020 i mí Meán Fómhair 2020.
Bhí ról lárnach ag Éilís mar bhainisteoir ar an obair athchóirithe atá déanta ag Stiúideo Cuan ar an ionad nua ealaíne atá againn anseo sa Spidéal, obair a chosain sa bhreis is €500,000.
I measc na tograí is déanaí a raibh Éilís mar léiritheoir feidhmiúcháin le Stiúideo Cuan orthu, tá: Ben’s Departure - gearrscannán faoi bhás Bhen Lennon le linn tréimhse na dianghlasála i 2020, An Cosán Draíochta – coimisiún nua ceoil le Johnny Óg Connolly agus Cuan an Cheoil – sraith nua ceoil 10 x 90’ le Liam Ó Maonlaí do RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Bord Stiúrtha
Dónall Ó Braonáin
Cathaoirleach
Éilís Lennon
Rúnaí
Toner Quinn
Charlie Lennon
Bríd Ní Neachtain
Tá polasaithe rialachais Stiúideo Cuan le fáil ó eolas@studiocuan.ie
Teagmháil
Tosaíonn gach togra nua le comhrá… bí i dteagmháil linn!
Stiúideo Cuan
An Spidéal, Co. na Gaillimhe.
H91 FT67
+35391 553 838
oifig@studiocuan.ie
Teagmháil
Tosaíonn gach togra nua le comhrá… bí i dteagmháil linn!
Stiúideo Cuan
An Spidéal, Co. na Gaillimhe.
H91 FT67
+35391 553 838
oifig@studiocuan.ie