Séasúr Ceoil an Earraigh 2022

Matt Molloy - Laoise Kelly - Máirtín O’Connor - Mairéad Ní Mhaonaigh - Michelle Mulcahy - Steve Cooney…

Tá ríméad ar Stiúideo Cuan a fhógairt go mbeidh ár n-ionad nua ceoil sa Spidéal, Co na Gaillimhe á sheoladh againn le séasúr de 12 ceolchoirmeacha le scoth na gceoltóirí traidisiunta.

 

Cuan An Cheoil ar Radio Na Gaeltachta

Cuirfear tús leis an tsraith nua Cuan an Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin 20 Eanáir ag 7 pm.

Sraith deich gclár a bheidh anseo, léiriú de chuid Stiúideo Cuan, agus is é Liam Ó Maonlaí a bheidh i gcathaoir an láithreora agus aoi cheoltóirí ina chuideachta gach seachtain.