Seeking Sanctuary

Coimisiún nua ceoil agus drámaíocta ón Boston Centre for the Arts (BCA) a léirigh Stiúideo Cuan leis an Palaver String Orchestra sa Cyclorama Theatre i mBoston i mí Feabhra 2018.

Ceol nua-chumtha le Charlie Lennon a bhí sa léiriú seo ina raibh leagan drámatúil de scéal na n-imirceach i mBoston sníomhtha ag Darach tríd. I measc na scéalta seo, bhí scéal Mharty Walsh, méara Bhoston, gur de bhunús Chonamara a mhuintir.

Maoinithe ag Stiúideo Cuan i gcomhar leis an Boston Centre for the Arts, Cultúr Éireann & Údarás na Gaeltachta.