Bóthar na Smaointe

Saothar nua Ceoil leis an Maestro Aoife Ní Bhriain

Le / Featuring:

Cormac McCarthy, Mick O’Brien, Dan Bodwell, Stephanie Keane & Aoife Ní Bhriain

Tá ríméad ar Stiúideo Cuan a fhógairt go mbeidh Bóthar na Smaointe, saothar úrnua leis an veidhleadóir iomráiteach Aoife Ní Bhriain, á léiriú i Stiúideo Cuan sa Spidéal ón 26 go dtí an 30 Samhain 2025 ag 8.00pm gach oíche.

Tá scoth na gceoltóirí páirteach sa togra ealaíne seo, ina measc: Aoife Ní Bhriain (Fidil), Cormac McCarthy (Pianó), Mick O’Brien (Píob Uileann & Feadóga), Dan Bodwell (Olldord) & Stephanie Keane (Damhsóir).

Is coimisiún nua de chuid Stiúideo Cuan é Bóthar na Smaointe i gcuimhne agus in onóir laoch ceoil agus cumadóireachta na tíre seo, Charlie Lennon. Tá coimisiún Charlie Lennon mar chuid lárnach de chlár ealaíne an Stiúideo agus muid ag tabhairt ardán d’ealaíontóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta saothair nua den chaighdeán is airde a chur os comhair an phobail gach bliain, anseo i gcroílár Ghaeltacht Chonamara.

Stiúideo Cuan is delighted to announce that Bóthar na Smaointe, a major new work by virtuoso violonist Aoife Ní Bhriain, will have its world premiere in Stiúideo Cuan in An Spidéal, Co. Galway from the 26th to the 30th of November 2025.

Commissioned by Stiúideo Cuan, this new work features a world-class ensemble, including Cormac McCarthy (piano), Mick O’Brien (uileann pipes), Dan Bodwell (double bass), Stephanie Keane (dancer) & Aoife Ní Bhriain (violin).

Early booking strongly advised as tickets are selling fast!

Ticéid / Tickets

Cumadóir / Composer:  Aoife Ní Bhriain
Ceoltóirí / Musicians:    Aoife Ní Bhriain, Cormac McCarthy, Mick O’Brien
                     Dan Bodwell & Stephanie Keane

Léiritheoir: Darach Mac Con Iomaire

Fuaim: Liam King

Bainisteoir Léirithe: Sharon Ní Loideáin

Léiritheoir Feidhmiúcháin: Éilís Lennon

Arna léiriú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon & Ealaín na Gaeltachta.