Folúntas

Stiúideo Cuan

Is comhlacht léirithe agus eagraíocht ealaíne ionad-bhunaithe é Stiúideo Cuan atá lonnaithe sa Spidéal i gcroílár Ghaeltacht Chonamara. Soláthraíonn Stiúideo Cuan clár leanúnach ealaíona don phobal.

Fís Stiúideo Cuan ná a bheith mar ionad cruthaitheach d’ealaíontóirí le saothair ar ardchaighdeán a fhíorú do phobal dílis.

Ár misean ná clár ealaíne a shaothrú chun caidrimh reatha a chothú le healaíontóirí, leis an bpobal agus le maoinitheoirí ar bhealaí inmharthana.

Cé Muid?

Comhlacht Léirithe
Léiríonn Stiúideo Cuan saothair ealaíne ar ardchaighdeán don stáitse, don raidió agus don scáileán.

Ionad Ealaíne agus Comhdhála
Áis ilealaíne agus ionad ceoil den scoth é Stiúideo Cuan atá feiliúnach d’imeachtaí cultúrtha, comhdhálacha agus ócáidí den uile chineál.

Stiúideo Taifeadta agus Iarléirithe
Cuireann Stiúideo Cuan seirbhísí taifeadta agus iarléirithe físe agus fuaime ar fáil don earnáil cheoil agus chlosamhairc.


Léiritheoir Cruthaitheach

Tá folúntas ar chonradh bliana ag Stiúideo Cuan agus duine fuinniúil, díograiseach á lorg againn don ról Léiritheoir Cruthaitheach, le tacú linn clár ealaíne, straitéiseach agus oibríochtaí Stiúideo Cuan a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Oibreoidh an Léiritheoir Cruthaitheach i gcomhar le bord stiúrthóirí, bainistíocht ghinearálta agus oifigigh an chomhlachta chun clár tograí nua a dhearadh agus a sholáthar, le béim ar leith ar an óige, i gcomhar le foireann Stiúideo Cuan.

Téarmaí
Is post lánaimseartha 40 uair sa tseachtain é seo. Beidh obair san oíche, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí i gceist ó am go ham. Beidh an té a cheapfar lonnaithe i Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co na Gaillimhe agus ar láithreacha seachtracha léirithe nuair is gá.

Beidh an Léiritheoir Cruthaitheach ag tuairisciú do Stiúrthóir Cruthaitheach Stiúideo Cuan. Is €42,000 - €47,500 raon tuarastail an phoist, ag braith ar thaithí an iarrthóra.

Dualgais
Beidh an Léiritheoir Cruthaitheach freagrach as na dualgais seo a leanas:

  • Tograí ealaíne a fhorbairt agus a fhíoradh a bheadh feiliúnach do chlár léirithe an chomhlachta.
  • Comhordú & forbairt leanúnach a dhéanamh ar chlár reatha tograí Stiúideo Cuan, le freagrachtaí ar leith do thograí óige an chomhlachta.
  • Guth agus cumasú an óige a chur chun cinn i measc na gclár seo.
  • Deiseanna maoinithe a aimsiú agus a fhíoradh i gcomhar le foireann Stiúideo Cuan chun na cláir seo a leathnú.
  • Earcaíocht leanúnach a dhéanamh, i gcomhar le foireann Stiúideo Cuan, do na cláir éagsúla seo.
  • Bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar mhaoin, acmhainní agus ar fhoireann chruthaitheach agus tacaíochta Stiúideo Cuan chun spriocanna ealaíne an chomhlachta a bhaint amach.
  • Cuidiú le pleananna, polasaithe agus cáipéisíocht tí an chomhlachta a dhréachtadh agus a chur i dtoll a chéile.
  • Cumarsáid ghairmiúil éifeachtach a dhéanamh le geallsealbhóirí seachtracha & inmheánacha maidir le himeachtaí an chomhlachta.

Fáilteofar roimh iarratais ó iarrthóirí cáilithe. D’fhéadfaí gearrliostáil agus measúnuithe praiticiúla a úsáid sa bpróiseas roghnúcháin. Déanfar tástáil ar thaithí na n-iarrthóirí de réir phríomhinniúlachtaí an róil ag céim an agallaimh.

Critéir Riachtanacha

  • Gaeilge líofa, idir labhairt agus scríobh.
  • Ceadúnas iomlán tiomána & carr.

Taithí Inmhianaithe

  • Taithí ar a bheith ag obair le daoine óga i gcomhthéacs cruthaitheach.
  • Taithí ar an bpróiseas taifeadta, léirithe agus iarléirithe fuaime agus físe.
  • Taithí ar struchtúir agus phróisis maoinithe / choimisiúnaithe in earnálacha na n-ealaíon agus na meán.
  • Taithí ar bhainistiú buiséid / tuairisciú airgeadais.

Príomhinniúlachtaí

  • Cumas áisitheoireachta i réimse an óige & na n-ealaíon/na meán.
  • Cumas léirithe/bainistíochta cláir/tograí i réimse an óige & na n-ealaíon/na meán.
  • Cumas caidrimh ghnó a fhorbairt agus a bhainistiú.
  • Cumas maoirsithe/cinnireachta foirne.

Ní mór d’iarratasóirí CV agus litir chlúdaigh a sheoladh chuig oifig@studiocuan.ie roimh 5pm Déardaoin 30 Aibreáin.

Is í an Ghaeilge teanga oibre Stiúideo Cuan.